Casadh An Tsúgáin - The Bothy Band

Casadh An Tsúgáin - The Bothy Band

  • Альбом: After Hours

  • リリース年: 2008
  • 言語: アイルランド語
  • 間隔: 5:08

以下は曲の歌詞です Casadh An Tsúgáin 、アーティスト - The Bothy Band 翻訳付き

歌詞 " Casadh An Tsúgáin "

原文と翻訳

Casadh An Tsúgáin

The Bothy Band

Agus rinne mise cleas

Ag Tigh Mhic Ui Dhomhnaill aréir

Is an tarna cleas ag teach

An Ósta lena thaobh

An triú cleas ní bfhearr domh

A chur le mo scéal

Is gur mhinicí domh bheith ag caitheamh

An dúthracht mhaith léi

A Rí na bhfeart cad do chas

Ins a' dúiche seo mé?

'S gur mó cailín deas a gheobhainn

Im' dhúthaigín beag féin

Gur casadh mé isteach mar a raibh searc

Agus rún geal mo chléibh

Is chuir an tseanbhean amach mé

Ag casadh an tsúgáinín féir

Curfá:

Má bhíonn tú liom, bí liom

A stóirín mo chroí

Ma bhíonn tú liom, bí liom

Os comhair an tsaoil

Ma bhíonn tú liom, bí liom

Gach orlach de do chroí

Is é mo liom go fann nach liom

Dé Domhnaigh thú mar mhnaoí

Tá mo cheannsa liath le bliain

Is ní le críonnacht é

Ní bheathaíonn na briathra

Na bráithre pé sa domhan scéal é

Is táim i do dhiaidh le bliain

Is gan fáil agam ort féin

Is gur geall le fia mé ar sliabh

Go mbeadh gáir chon ina dhéidh

Do threabfainn, d’fhuirsinn

Chuirfinn síol ins a' chré

'S do dhéanfainn obair shocair

Álainn, mhín, réidh

Do chuirfinn crú fén each

Is mire shiúil riamh ar féar

Is ná héalaodh bean le fear

Ná déanfadh san féin

200万曲以上の歌詞

様々な言語の楽曲

翻訳

あらゆる言語への高品質な翻訳

クイック検索

必要なテキストを数秒で見つけます