An Cailín Rua - Skara Brae

An Cailín Rua - Skara Brae

  • リリース年: 2010
  • 言語: アイルランド語
  • 間隔: 2:41

以下は曲の歌詞です An Cailín Rua 、アーティスト - Skara Brae 翻訳付き

歌詞 " An Cailín Rua "

原文と翻訳

An Cailín Rua

Skara Brae

Véarsa:

Nach doiligh domhsa mo chailín a mholadh

Ní hé amháin mar bhí sí rua

Bhí sí mar gha gréine ag dul in éadan na ngloiní

Is bhí scéimh mhná na Finne le mo chailín rua

Curfá:

Thug mé lion í ó bhaile go baile

Ó Gheaftaí Dhoire go Baile Átha Luain

Chun fhuil aon mhíle dár shiúil mé ar an fad sin

Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua

Véarsa:

B’fhearr liom í ná bó is ná bearrach

Nó a bhfuil de loingis ag tarraingt chun cuain

B’fhearr liom arís na cíos Chluain Meala

Go mbeinn is mo chailín i mBaile Átha Luain

Véarsa:

Chuir mé mo chailín go margadh Shligigh

Ba é sin féin an margadh bhí daor

Bhí scilling agus punt ar an mheánpheicín ime

Is go dtug mé sin le fuinneamh do mo chailín rua

Chuaigh sí siar agus bróga breac' uirthi

Ribíní glasuaithne teannta ar a gruaig

D'éalaigh sí uaimse le buachaill an tsiopa

Is a Rí nár dheas í, mo chailín rua

このアーティストの他の曲:

200万曲以上の歌詞

様々な言語の楽曲

翻訳

あらゆる言語への高品質な翻訳

クイック検索

必要なテキストを数秒で見つけます