Fún Orm - IMLÉ

Fún Orm - IMLÉ

  • リリース年: 2018
  • 言語: アイルランド語
  • 間隔: 3:40

以下は曲の歌詞です Fún Orm 、アーティスト - IMLÉ 翻訳付き

歌詞 " Fún Orm "

原文と翻訳

Fún Orm

IMLÉ

Scaití ní dhéanann tú na rudaí a theastaíonn uait

Mar gheall go bhfuil an iomarca imní ort go dteipfeadh ort

Nuair a bhíonn fonn orm, déanaim gleo ag na gigeanna

Is den chuid is mó den am, sin an chaoi a n-imíonn mé

Is breá liom a bheith ag úsáid suas mo chuid fuinnimh

Nuair a thagann sé go dtí ceol cumadh canadh

Is breá liom sin, chun a bheith ag labhairt mo intinn

Má dhéanann tú sin tabharfaidh sé cumhacht duit

Mach dtuigfeá riamh a bheadh agat dá uireasa

Sé seo an chumhacht atá againne mar dhaoine

Sé sin do mheon do spiorad agus do shaoirse

A chuir i bhfeidhm, déanaim sin le seinnt

Ceol le mo ghlór i gclubanna agus roinnt

Pubanna, féilte chomh maith le tithe cairde

Admhaím nuair a thagann sé go dtí taifeadadh

Go bhfaigheann mise é seo i bhfad níos deacra

Ní de bharr na focla abairtí a dheirimse

Ach de bharr an fuaimniú fuinnimh atáim ag iarraidh

A chur amach in san domhan, ach tá mé óg

Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg

A chuirim orm féin ó am go ham

Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán

A chur amach in san domhan, ach tá mé óg

Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg

A chuirim orm féin ó am go ham

Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán

Ceann de na fáthanna a thosaigh mise leagan focla

Síos ar pháipéar ná chun go mbeadh rudaí soiléir

I mo shaol mo shlí níos éasca dá bharr

Seo go daonna mar go gcruathaím i nGaeilge

Mo dhúchais, mo thús, an chéad teanga

A tháinig amach as mo chlab gan stad

Go dtí gur labhair mé le máthair an penguin

Orm a bhí an déistin ach raibh mé in ann ciall a bhaint

Ón teilifís go dtí ní bheinn ar bís

Buachaill beag mar mé, is orm a bhí an straois

Gan i bhfad caite gan mé ach sé bliana d’aois

D’fhoghlaim mé béarla is níor lig mé duine ar bith síos

Mar sílim féin is mó teangain a bhfearr

Is má bhíonn tú líofa, is cumadh fiú níos fearr

Seasann sé leat níos mó a thugann tú isteach

Agus sin é go díreach atá mé ag rá leat

Éist

Sé sin do mheon do spiorad agus do shaoirse

A chuir i bhfeidhm, déanaimse sin le seinnt

Ceol le mo ghlór i gclubanna agus roinnt

Pubanna, féilte chomh maith le tithe cairde

Admhaím nuair a thagann sé go dtí taifeadadh

Go bhfaigheann mé é seo i bhfad níos deacra

Ní de bharr na focla abairtí a dheirimse

Ach de bharr an fuaimniú fuinnimh atáim ag iarraidh

A chur amach in san domhan, ach tá mé óg

Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg

A chuirim orm féin ó am go ham

Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán

A chur amach in san domhan, ach tá mé óg

Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg

A chuirim orm féin ó am go ham

Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán

A chur amach in san domhan, ach tá mé óg

Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg

A chuirim orm féin ó am go ham

Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán

A chur amach in san domhan, ach tá mé óg

Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg

A chuirim orm féin ó am go ham

Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán

200万曲以上の歌詞

様々な言語の楽曲

翻訳

あらゆる言語への高品質な翻訳

クイック検索

必要なテキストを数秒で見つけます