以下は曲の歌詞です Ainnir Dheas Na gCiabhfholt Donn 、アーティスト - Aoife Ní Fhearraigh 翻訳付き
原文と翻訳
Aoife Ní Fhearraigh
'sé deir colm cille linn
Go hifreann nach dtéid fial
Lucht an tsairbhris go gceileann siad
A hpáirt mhór le dia
Nach mór an tubaiste
D’aon duine á dearnadh ariamh
Oiread a chruinniú
Is a 'choinneodh as parrthas iad
Thréig mé lucht an bhéarla
Agus búclaí bróg
Thréig mise an méid sin
Mar gheall ort, a stór
Mar i ndúil go mbeinn 's tú, 'chéadsearc
Maidin chiúin cheo
Is sinn ag éisteacht le géimneach
Ár sealbháin deas bó
D’imigh mé mar d’imeodh
Mo shnua agus mo ghné
D’imigh mé mar d’imeodh
Fáinní geala an lae
D’imigh mé mar d’imeodh
An sneachta ón ghréin
's bheinn ar oileán 's thiocfadh an tuile orm
Is bháithfí mé
Go mbreacaí mo dhá mhalaidh
Agus go liathfaí mo cheann
Chomh geal leis an eala
Atá ar shliabh uí fhlionn
Go dté mo bhean i dtalamh
Agus 'n diaidh sin a clann
Beidh cuimhne agam ort, 'ainnir dheas
Na gciabhfholt donn
様々な言語の楽曲
あらゆる言語への高品質な翻訳
必要なテキストを数秒で見つけます