以下は曲の歌詞です Amhrán Pheadair Bhreathnaigh 、アーティスト - Altan 翻訳付き
原文と翻訳
Altan
Tráth chuaigh mé seal tamailt ar cuairt
Gur bhreatnaigh mé uaim an spéir
Thart fá na hoileáin ó thuaidh
Mar bheadh eilit agus cú 'na diaidh
'Sé deirfeadh gach duine fán chuan
Tráth thuirling mé anuas fán ché
Aithnim go maith ar do ghruaim
Gur fear thú a bhfuil ruaig do dhiaidh
Casadh domh cailín dheas óg
Ach má casadh sí a labhair go géar
Más fear thú a bhain do mhnaoi óig
Cha mholaim rómhór do «thrade»
Chonaic mé fear ar tír mór
Is é ag imeacht gan bhróg inné
Is dóigh liom gur tusa an fear óg
Is go bhfuil ort an tóir do dhiaidh
D’fhreagair mé an ainnir dheas óg
Mar ghlac sí go mór mo scéal
'Stad do do mhagadh níos mó
Nó ní duine den tseort sin mé
Ach suigh thusa anall I mo chomhair
Is bí ag an nós liom féin
Nó rachaidh mé os coinne mo shróin
Amach ar tír mór le léim
Thit muid I dtuirse 's I mbrón
Is d’fhiafraigh an óigbhean díom
Cá bhfaighimis gloine le hól
A thógfas an brón dar gcroí
Tá teach beag ar leataobh an róid
Agus coinníonn sé I gcónaí braon
Gabh thusa gus «rappal» ar an bhord
Is ní dhíolfaidh do phócaí phingin
Bhí biotáilte fairsing go leor
A raibh beagán 'á ól sa tír'
'S dá dtarrnóinnse Galún Uí Dhomhnaill
B’fhurast mo scór a dhíol
様々な言語の楽曲
あらゆる言語への高品質な翻訳
必要なテキストを数秒で見つけます