Roisin Dubh - The Dubliners

Roisin Dubh - The Dubliners

Год
1995
Язык
`アイルランド語`
Длительность
240840

以下は曲の歌詞です Roisin Dubh 、アーティスト - The Dubliners 翻訳付き

歌詞 " Roisin Dubh "

原文と翻訳

Roisin Dubh

The Dubliners

A Róisín ná bíodh brón ort fé'r éirigh dhuit:

Tá na bráithre 'teacht thar sáile 's iad ag triall ar muir,

Tiocfaidh do phárdún ón bPápa is ón Róimh anoir

'S ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Is fada an réim a léig mé léi ó inné 'dtí inniu,

Trasna sléibhte go ndeachas léi, fé sheolta ar muir;

An éirne is chaith mé 'léim í, cé gur mór é an sruth;

'S bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo Róisín Dubh.

Mhairbh tú mé, a bhrídeach, is nárbh fhearrde dhuit,

Is go bhfuil m’anam istigh i ngean ort 's ní inné ná inniu;

D’fhág tú lag anbhfann mé i ngné is i gcruth

Ná feall orm is mé i gnean ort, a Róisín Dubh.

Shiúbhalfainn féin an drúcht leat is fásaigh ghuirt,

Mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt dem thoil.

A chraoibhín chumhra, gheallais domhsa go raibh grá agat dom

'S gurab í fíor-scoth na Mumhan í, mo Róisín Dubh.

Beidh an Éirne 'na tuiltibh tréana is réabfar cnoic,

Beidh an fharraige 'na tonntaibh dearga is doirtfear fuil,

Beidh gach gleann sléibhe ar fud éireann is móinte ar crith,

Lá éigin sul a néagfaidh mo Róisín Dubh.

200万曲以上の歌詞

様々な言語の楽曲

翻訳

あらゆる言語への高品質な翻訳

クイック検索

必要なテキストを数秒で見つけます